Skip to main content

Rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol

Tugann Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol) 2007 (S.I. 133 de 2007), cearta dlíthiúla dóibh siúd atá ag lorg rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol ó údaráis phoiblí.

Tháinig na Rialacháin seo i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2007, lena n-aisghairtear an ionstraim reachtach roimhe seo, Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol) 1998. Rinne S.I. 662 de 2011 agus S.I. 615 de 2014 athbhreithniú breise ar na rialacháin seo. Ba cheart cónascadh na dtrí phíosa reachtaíochta seo a léamh le chéile mar cheann amháin, agus d'fhéadfaí Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol) 2007 go 2014 a thabhairt orthu. Chun tuilleadh eolais a fháil cliceáil Anseo.

Iarratas RFC a dhéanamh

Tugann na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol (RFC) 2007-2014 an ceart duit rochtain a fháil ar fhaisnéis chomhshaoil atá i seilbh, nó ar son, na nÚdarás Poiblí. Chun cabhrú leis an bpróiseas iarratais RFCa shruthlíniú agus chun freagairt thráthúil a chinntiú ar gach iarratas, tá Foirm Iarratais RFC /Leagan Gaeilge forbartha againn.

Más mian leat rochtain ar fhaisnéis chomhshaoil atá i seilbh na hOifige Náisiúnta Seirbhísí Comhroinnte (NSSO) a iarraidh ní gá ach an fhoirm thuas a chomhlánú agus í a sheoladh chuig:

An Oifig Náisiúnta Seirbhísí Comhroinnte, Pointe na Tríonóide 10/11 Sráid Laighean Baile Átha Cliath Theas 2 D02 EF85.