Skip to main content

Saoráil Faisnéise

Leis an Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997 (SF) mar a leasaíodh ag an Acht um Shaoráil Faisnéise (Leasú) 2003 leagadh oibleagáid ar ranna Rialtais, ar Fheidhmeannas na Seirbhísí Sláinte (FSS), ar údaráis áitiúla agus ar raon comhlachtaí poiblí eile faisnéis a fhoilsiú maidir lena ngníomhaíochtaí agus an fhaisnéis a bhí ina seilbh acu, faisnéis phearsanta san áireamh, a chur ar fáil do shaoránaigh.

Ar 14 Deireadh Fómhair 2014, tháinig an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014 i bhfeidhm agus athghairmeadh leis Achtanna 1997 agus 2003.

Tabharfar isteach leis an Acht nua seo líon áirithe athruithe ar an Scéim Saorála Faisnéise agus leathnaíodh go dtí na comhlachtaí poiblí go léir an raon comhlachtaí a bhfuil feidhm ag an reachtaíocht SF ina leith, mura bhfuil siad díolmhaithe go sainiúil. Déantar foráil ann chomh maith do chomhlachtaí eile a fhaigheann maoin shuntasach poiblí do bheith forordaithe (nó ainmnithe) ag an Rialtas, sa chaoi go mbeidh feidhm ag an reachtaíocht SF ina leith siúd chomh maith.

Tá feidhm ag an tseanreachtaíocht i gcónaí i leith iarrata SF ar bith a rinneadh roimh don reachtaíocht teacht i bhfeidhm. Tá feidhm aige chomh maith i leith aon athbhreithnithe nó achomhairc ina dhiaidh sin.

Is féidir dul i dteagmháil leis an Oifigeach Saorála Faisnéise ag foi@nsso.gov.ie

Scéim Foilsithe SF

Ceanglaítear ar chomhlachtaí SF faoi Alt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 a mhéid faisnéise is feidir a ullmhú agus a fhoilsiú i mbealach oscailte inrochtana ar bhonn gnáthaimh lasmuigh de SF, ag tabhairt aird dóibh ar phrionsabail na hoscailteachta, na trédhearcachta agus na cuntasaíochta mar atá siad leagtha amach in Ailt 8(5) agus 11(3) den Acht.

Déantar foráil leis seo d'fhoilsiú nó tabhairt taifead lasmuigh de SF ar an gcoinníoll nach bhfuil a leithéid d'fhoilsiú nó deonú rochtana toirmeasctha de réir dlí.

Leis an scéim tiomnaítear comhlachtaí SF d'eolas a chur ar fáil mar chuid dá ngnáthghíomhartha gnó de réir na scéime.

Chun tuilleadh eolais a fháil tabhair cuairt le do thoil ar an suíomh idirlín SF.

An chaoi le hiarraidh SF a dhéanamh

Caithfidh an iarraidh a bheith déanta i scríbhinn chuig an gcomhlacht SF a bhfuil na taifid ina sheilbh.

Is féidir iarrataí a dhéanamh tríd an r-phost chomh maith.

Mar shampla: Má theastaíonn taifid uait maidir le ceist beartais ag an Oifig Náisiúnta um Sheirbhísí Comhroinnte, caithfidh tú iarratas a chur isteach chuig an Oifigeach SF san ONSC.

1. Nuair a dhéanann tú iarraidh caithfidh tú:

  • an iarraidh a chur faoi bhráid an ONSC i scríbhinn
  • sainiú go bhfuiltear ag déanamh na hiarrata faoin Acht SF
  • bheith soiléir go leor le go dtuigfidh an ONSC céard iad na taifid a bhfuiltear á n-iarraidh. I gcásanna ina bhfuil an ONSC gan a bheith soiléir faoi céard iad na taifid a bhfuiltear á n-iarraidh, caithfidh sí cabhrú leis an iarrthóir focail a chur ar an iarraidh lena gcuirfear ar cumas na taifid atá á lorg a shainaithint.

Nuair a bheidh tú ag lorg eolais atá pearsanta, ceanglófar ort an sainaitheantas cuí a sholáthar de réir mar a iarrann an cinnteoir é.

I gcásanna ina bhfuil tú ag iarraidh rochtain ar thaifid a bhaineann le duine éagtha faoi alt 37(8), ceanglófar ort sonraí breise a thabhairt chun leas a bhaint as na cearta seo.

Téigh chuig an suíomh idirlín Saorála Faisnéise chun tuilleadh eolais a fháil faoin fhoirm iarratais SF a chomhlánú don ONSC.

Tá aon Oifigeach SF amháin nó níos mó ná sin ag gach Comhlacht Poiblí a bhfuil sé de fhreagracht orthu iarrataí arna ndéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 a láimhseáil.