Tá lúcháir ar an ONSC gur bhuaigh é “Ionad Comhsheirbhísí na Bliana 2022” ag Gradaim na hÉireann do Chustaiméirí agus do Sheirbhísí Comhroinnte, a reáchtáladh i Staid Aviva Dé Sathairn, 26 Samhain 2022.
Ag labhairt dó faoin mbua, dúirt Hilary Murphy-Fagan, Príomhfheidhmeannach an ONSC:
“Is aitheantas cuí é an dámhachtain seo ar obair chrua agus diongbháilteacht fhoireann ONSC thar na blianta, mar aon le paisean don cháilíocht agus don sármhaitheas i seachadadh seirbhíse custaiméara don Státseirbhís.
Seasann scála agus scóip ár n-oibríochtaí, agus na caighdeáin agus na buntáistí a bhaineann an ONSC amach, i gcomparáid le cuid de na cinn is fearr inár n-earnáil tionscail, lena n-áirítear Accenture, PayPal agus Three Ireland.”
Bhí sé seo le rá ag na moltóirí CBTC maidir le cén fáth a raibh an ONSC chomh tuillteanach mar bhuaiteoir ar an oíche:
“Arís ardmholadh sa chatagóir seo anuraidh léirigh an fhoireann ag ONSC go soiléir arís go raibh nuálaíocht ríthábhachtach dá bhfeidhmiú agus ar cheann dá gcroíluachanna le tomhais láidir seirbhíse agus PTFí doimhne, feabhsuithe éifeachtúlachta mionsonraithe agus tionscnaimh an-láidir rannpháirtíochta daoine.
Agus iad ag díriú ar fhoghlaim agus ar fheabhsú leanúnach léirigh siad a dtiomantas maidir le sárchaighdeán eispéiris an chustaiméara a sheachadadh agus luach na samhla seirbhíse comhroinnte. Trí theicneolaíochtaí nua agus uathoibriú a úsáid, gineann an fhoireann léargais luachmhara sonraí a thacaíonn le riachtanais ghnó agus ag an am céanna ag giniúint éifeachtúlachtaí agus ag laghdú costais go suntasach. Gach cur le nuachóiriú an riaracháin chorparáidigh i státseirbhís na hÉireann.
Is mian leis na moltóirí comhghairdeas a dhéanamh leis an bhfoireann ONSC a léirigh cur chuige láidir paiseanta maidir le feabhsú leanúnach. Tá ionad sármhaitheasa cruthaithe acu ina ndéanann siad lárnú, sruthlíniú agus luach a chur leis. Is sampla ceannródaíoch é an fócas atá acu ar athrú agus feabhsú leanúnach a thiomáint ar an gcaoi ar cheart d’eagraíochtaí féachaint ar sheirbhísí comhroinnte, mar phríomhchumasóir chun seirbhís níos fearr agus eispéireas custaiméirí a thiomáint.”
I measc na n-ainmnithe sa chatagóir Seirbhísí Comhroinnte is Fearr bhí:
Accenture
Arema Connect
Ospidéal Beacon
CarTrawler
Charles River Microbial
eir
Foundry
Lidl Ireland
An Oifig Náisiúnta um Sheirbhísí Comhroinnte
New Ireland Assurance
PayPal
Pitney Bowes
RelateCare
Pinergy & SalesSense
Three Ireland