Foireann thiomnaithe laistigh de Sheirbhísí Comhroinnte Airgeadais is ea an Clár Seirbhísí Comhroinnte Bainistíochta Airgeadais (CSCBA), agus bíonn sí i gceannas ar aistriú grúpaí nua cliant chuig an tseirbhís nua seo. Díríonn foireann an FMSSP ar athrú, cumarsáid agus gníomhaíochtaí aistrithe sonraí de réir mar a ullmhaíonn na cliaint seo don aistriú chuig Seirbhísí Comhroinnte Airgeadais.
Chuaigh Seirbhísí Comhroinnte Airgeadais beo in Aibreán 2022 agus ocht gComhlacht Seirbhíse Poiblí ann ag an tús, agus áiríodh orthu sin an Roinn Airgeadais, Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Tabharfar breis is 40 eagraíocht eile ar bord mar chliaint ar bhonn céimnithe thar na trí nó ceithre bliana amach romhainn.
Nuair a bheidh siad bunaithe go hiomlán, cuirfidh ár Seirbhísí Comhroinnte Airgeadais ar fáil próiseáil lárnaithe caighdeánaithe airgeadais agus cuntasaíochta do bhreis agus 48 Roinn agus Oifigí Rialtais. Sa tslí seo seasfaidh córais airgeadais na státseirbhíse an aimsir, rud a chumasóidh dóibh leasuithe fioscacha agus tuairiscithe a bheith déanta, agus neartófar an t-eolas airgeadais atá ar fáil don Rialtas chun tacú le cúrsaí cinnteoireachta.
Má tá ceist agat maidir le gníomhaíochtaí an Chláir, cuir r-phost le do thoil chuig an bhfoireann ag support@fsscustomerservice.cloud.gov.ie