Table of contents
- 1. Ár luachanna
- 2. Ár bhfís
- 3. Ardchaighdeáin Seirbhíse
- 4. Eolas
- 5. Comhionannas/Éagsúlacht
- 6. Comhionannas na dTeangacha Oifigiúla
- 7. Tráthúlacht agus Cúirtéis
- 8. Comhairliú agus Measúnacht
- 9. Comhordú níos fearr
- 10. Déan gearán
- 11. Na freagrachtaí atá ort mar chustaméir
- 12. Rogha
- 13. Cosaint sonraí
- 14. Déan teagmháil linn
Is iad seo a leanas ár luachanna, ag tógáil ar Chód Caighdeán agus Iompair na Státseirbhíse:
- Tús Áite do Dhaoine: Is iad ár ndaoine atá ina n-eochair leis an rath atá orainn, agus táimid tiomanta do dhaoine a chur in ionad láir in ár gcuid oibre mar aon leis an bhfeidhmíocht agus leis an bhforbairt.
- Próiseas agus Nuáil Dhigiteach sa Dara Áit: Bímid ag iarraidh teacht ar shimplíocht phróisis, agus cothaímid meon atá feasach ar an bhfeabhsú leanúnach.
- Sársheirbhís i gCónaí: Tá sé mar aidhm againn feabhsúcháin san oibríocht agus eispéireas tapa don chustaiméir a sholáthar a bhfuil fonn chun feabhais agus chun riachtanais ár gcustaiméirí a shásamh mar bhonn faoi.
Is í an fhís atá againn don ONSC ná a bheith mar eagraíocht atá dírithe ar chustaiméirí, atá nuálach agus ag foghlaim i gcónaí, a chuireann ar fáil seirbhísí comhroinnte atá ar ardchaighdeán i gcónaí agus a thacaíonn le riachtanais ghnó. Agus muinín ag daoine eile asainn, tógfaimid cultúr láidir atá comhoibritheach, tiomáinte ag feidhmíocht agus dírithe ar dhaoine.
Táimid tiomanta do seirbhís ar ardchaighdeán do chustaiméirí a fhorbairt, a chur chun cinn agus a sholáthar dár gcustaiméirí agus dár bhfoireann. Déanaimid é seo trí aird a thabhairt ar na 12 Prionsabal Treorach don tSeirbhís ar Ardchaighdeán do Chustaiméirí arna gcur ar fáil ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.
Glacfaidh an ONSC cur chuige réamhghníomhach trí eolas a chur ar fáil a bheidh soiléir, tráthúil, beacht. Cuirfear eolas ar fáil ar shuíomh idirlín an ONSC and áit is cuí seolfar foláirimh r-phoist agus litreacha chugat. Tá sé beartaithe againn a chinntiú go mbíonn suíomh idirlín an ONSC éasca lena neascleanúint agat agus go mbeidh an t-eolas istigh ann faisnéiseach, comhaimseartha.
Cuirfidh an ONSC an éagsúlacht san áireamh agus caithfidh sí leis na custaiméirí go léir go cóir, comhionann. Tá sé beartaithe againn riachtanais na gcustaiméirí go léir a chur san áireamh trí sheirbhís a chur ar fáil a chomhlíonann an reachtaíocht chuí, an treoir agus an dea-chleachtas.
Déanaimid iarracht garraíochtaí réasúnta a dhéanamh agus cloí le treoirlínte rochtana an Údaráis Náisiúnta Míchumais áit is féidir. Is fios dúinn gur féidir nach sásóidh cuid dar gcórais riachtanais ár gcustaiméirí go hiomlán mar go bhfuil na córais sin aosta agus go bhfuil laigí áirithe orthu. In aitheantas ar laigí ár gcórais faoi láthair, coimeádfaidh an ONSC tábhacht na seirbhísí inrochtana ar bharr an chláir oibre i gcomhair malartaithe ar bith ar ár gcórais féinseirbhíse mar atá siad anois.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi rochtain san ONSC, téigh le do thoil chuig: https://www.nsso.gov.ie/accessibility/
Comhlíonfaimid ár n-oibleagáidí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 trínár ngnó a sheoladh trí Ghaeilge, áit gur é seo an teanga is rogha dár gcustaiméirí. Faoi láthair déantar é seo trí chomhfhreagras scríofa agus béil. Tá inneachar, foirmeacha caighdeánacha agus litreacha teimpléid an ONSC ar fáil trí Ghaeilge chomh maith. Cuirimid seirbhís Ghaeilge ar fáil.
Chun leas a bhaint as seo cuir r-phost chuig teagmhail@nsso.gov.ie
In aitheantas ar laigí ár gcórais faoi láthair, coimeádfaidh an ONSC tábhacht na seirbhísí inrochtana ar bharr an chláir oibre i gcomhair malartaithe ar bith ar ár gcórais féinseirbhíse mar atá siad anois.
Nuair a bheidh tú ag déileáil leis an ONSC is féidir leat bheith ag súil go mbeimid:
- gairmiúil, cúirtéiseach, cuiditheach leat an t-am ar fad
- ainm teagmhála agus sonraí teagmhála a thabhairt duit mar aon le huimhir cáis (áit is cuí)
- do ghlao, do r-phost nó do litir a fhreagairt go pras
- scríobh leat i bhfocail shimplí, soiléire gan téarmaí teicniúla a úsáid (Béarla/Gaeilge fhollasach)
Rinne muid ár gcéad Suirbhé Sástachta Custaiméirí go déanach in 2019, nuair a rinne muid teagmháil le 36,000 custaiméir. Déanaimid teagmháil chomh maith leis na Comhlachtaí Seirbhíse Poiblí atá mar chliaint againn ar bhonn an-rialta. Cuirtear aiseolas san áireamh féachaint le tionscnaimh feabhsaithe leanúnaigh a chur i bhfeidhm, chun cur lenár bhfeidhmíocht mar sholáthróir seirbhíse atá dírithe ar an gcustaiméir.
Áit nach bhfuil caighdeáin seirbhíse sásaithe, beimid i gcónaí ag sainaithint feabhsuithe atá lena bhfeidhmiú d'fhonn iarracht a dhéanamh ar a chinntiú go sásófar na caighdeáin sin amach anseo.
Is féidir eolas ar an gcaoi le gearán a dhéanamh a fháil anseo.
Tuigimid gur féidir go bhfuil custaiméirí faoi strus nó deacrachtaí éigin ach más rud é go n-éiríonn glaoiteoirí maslach, ionsaitheach nó trodach i leith ball foirne le linn glao teileafóin, tá cead ag na baill foirne a rá leis an nglaoiteoir go gcuirfear deireadh leis an nglao mura mbíonn deireadh leis an iompar do-ghlactha.
Má leantar leis an iompar do-ghlactha, déanfaimid beart chun teorainn a chur le do chuid teagmhála leis an oifig. Ní ghlacfar an cinneadh seo go hiondúil ach tar éis don scéal a bheith athbhreithnithe ag bainisteoir sinsearach. Beidh na sriantachtaí cuí agus i gcomhréir leis an gcineál iompair a tharla.
Is féidir teacht ar thuilleadh sonraí ar ár leathanach gearán (féach thuas).
Is féidir rochtain ar ár seirbhísí ar líne trí shuíomh idirlín an ONSC. Cuirimid ar fáil chomh maith seirbhís lárionaid glaonna (féach na sonraí teagmhála) agus eolas i mBéarla agus i nGaeilge araon. Cinnteoimid go gcomhlíonfaidh ár suíomh idirlín na riachtanais rochtana uilechoitinne agus beidh leagan Gaeilge ar ár suíomh idirlín a bheidh ar aon dul sa mhéid gur féidir é leis an leagan Béarla. Úsáideann an ONSC na teicneolaíochtaí atá ar fáil agus atá ag teacht chun cinn chun an rochtain agus an rogha is mó agus cáilíocht an tseachadta a chinntiú.
Caithfimid faoi rún le gach eolas a chuirfidh ár gcustaiméirí ar fáil dúinn agus cosnóimid na sonraí ar fad ó rochtain gan údar. De réir an chomhaontaithe próiseála sonraí atá againn leis an bhfostóir agat, bainfimid úsáid as do shonraí pearsanta go heisiach chun na críocha a bheidh arna n-údarú ag an bhfostóir. Chun tuilleadh eolais a fháil faoinár mbeartais cosanta sonraí tabhair cuairt le do thoil ar ár leathanach cosanta sonraí.
Gheobhaidh tú ár sonraí teagmhála go léir ar an leathanach seo.