Skip to main content

Cad a dhéanaimid

Forléargas

Soláthróir Éireannach Seirbhísí Comhroinnte d'Acmhainní Daonna, riaradh párolla agus seirbhísí airgeadais do Ranna Rialtais agus Comhlachtaí Seirbhíse Poiblí (CSPanna) is ea ONSC. Tá an eagraíocht againne comhdhéanta de Sheirbhísí d'Fhostaithe, Seirbhísí Airgeadais, Seirbhísí Corparáideacha Gnó agus Fiontar FT.

Tá breis is 800 ball foirne de chuid na Státseirbhíse ag ONCS agus tá siad lonnaithe i seacht n-oifig ar fud na hÉireann.

Seirbhísí d’Fhostaithe

Soláthraíonn Seirbhísí d’Fhostaithe acmhainní daonna, pinsin agus seirbhísí comhroinnte párolla do beagnach 60 comhlacht seirbhíse poiblí mar aon le tacaíocht trí chaidrimh le custaiméirí agus seirbhísí tacaíochta. Cuireann siad beartais agus nósanna imeachta Acmhainní Daonna, pinsin agus párolla an Rialtais i bhfeidhm thar ceann a chliant agus fanann gach príomhchinnteoireacht leis an gcliant i ngach roinn nó CSP.

Seirbhísí Acmhainní Daonna

Soláthraíonn Seirbhísí Comhroinnte AD raon seirbhísí idirbheartaíochta dá chustaiméirí agus dá chliaint, ar a n-áirítear:

  • saoire
  • asláithreacht
  • éirí as oifig
  • scoir
  • struchtúr eagraíochtúil
  • scéimeanna d'fhostaithe
  • tuairisciú agus bainistiú doiciméad
  • cáilíocht, iniúchadh, rialachas faisnéise
  • oiliúint

Tá sé arna thacú le Córais agus Róbataic Faisnéise AD.

Oibríonn Seirbhísí Acmhainní Daonna i gcomhar le Seirbhísí Párolla (PS), le foirne Seirbhísí Caidrimh le Custaiméirí agus lenár ranna cliaint lena chinntiú go gcomhlíontar riachtanais Acmhainní Daonna os cionn 43,500 státseirbhíseach ar bhealach éifeachtach agus tráthúil.

In 2021 thacaigh Seirbhísí AD breis is 43,500 Custaiméirí AD thar 44 Comhlacht Seirbhíse Poiblí a bhí mar Chiaint acu agus cuireadh clabhsúr le beagnach 700,000 idirbheart féinseirbhíse agus breis is 192,000 cás custaiméara.

Seirbhísí párolla

Thosaigh Seirbhís Párolla ag oibriú na seirbhísí párolla i Nollaig 2013, ar bhonn céimnithe, agus cuireadh críoch leis sin i Samhain 2017. Tugadh le chéile na próisis agus cleachtais párolla a bhí ann cheana in 18 lárionad párolla agus chomhcheangail Seirbhísí Párolla iad in aon oibríocht seirbhíse comhroinnte párolla amháin.

I measc na seirbhísí a chuirtear ar fáil tá párolla, pinsin, próiseáil agus tuairisciú caiteachais, mar aon le scaipeadh comhairle íocaíochta, seachadadh íocaíochta, lárionad teagmhála le custaiméirí, agus bainistiú cáilíochta agus seirbhíse.

In 2021 chuir Seirbhísí Párolla (PS) sraith seirbhísí ar fáil le haghaidh íocaíochtaí párolla, pinsin agus taistil (T&S) le 56 cliant Párolla agus 48 Roinn agus Oifig cliant T&f ag baint úsáide as próisis chaighdeánacha phárolla ar ardán teicneolaíochta aonair i dtrí shuíomh: Tulach Mhór, Gaillimh agus Cill Airne.

Seirbhísí Tacaíochta agus Caidrimh le Custaiméirí

Oibríonn seirbhísí tacaíochta agus caidrimh le custaiméirí i dtreo cabhrú leis an ONSC an leibhéal is airde is féidir de sheirbhís do chustaiméirí a bhaint amach agus lena chinntiú go raibh ár ngealltanais do chustaiméirí dearfach agus breisluach. Is é an t-aonad seo an comhéadan idir réimsí oibríochta ONSC in Acmhainní Daonna agus Seirbhísí Párolla agus ár gcliaint /custaiméirí, agus tá sé dírithe ar sheachadadh seirbhísí optamaithe ONSC a chur chun cinn.

Tugann an fhoireann aire do Bhainistiú Seirbhíse chomh maith. Is é seo an fóram ag a mbuaileann Comhlachtaí Seirbhíse Poiblí leis an ONSC chun ceisteanna agus straitéisí a phlé.

Seirbhísí Corparáideacha

Soláthraíonn Seirbhísí Corparáideacha Gnó agus Fiontar FT tacaíocht fheidhmiúil ar fud na hOifige Náisiúnta um Sheirbhísí Comhroinnte, a bhfuil na feidhmeanna seo a leanas san áireamh inti:

  • Airgeadas agus Áiseanna
  • Rialachas, Riosca agus Straitéis
    • Cosaint Sonraí
    • Cumarsáid
    • Cosc Calaoise
    • Rialachas agus Comhlíontacht
  • Acmhainní Daonna, Forbairt Eagraíochta
  • Iniúchadh Inmheánach

Tacaíonn Fiontar FT leis na rannóga go léir san ONSC agus cuireann sé ar fáil:

  • Éirim agus Tuairisciú Gnó
  • Cibearshlándáil
  • Córais Faisnéise AD
  • Tacaíocht FT
  • Uathoibriú Próiseála Róbataice

Seirbhísí Comhroinnte Airgeadais

In Aibreán 2022 lainseáladh Seirbhísí Comhroinnte Airgeadais le hocht Comhlacht Seirbhíse Poiblí. Le himeacht aimsire, rachaidh an córas lárnach nua cuntasaíochta airgeadais in ionad 31 córas éagsúil oidhreachta airgeadais, rud a gheobhaidh réidh leis an riachtanas le córais éagsúla a chothabháil, a thacú agus a uasghrádú, a laghdóidh an costas agus a chuirfidh feabhas ar shlándáil.

Cuirfidh Seirbhísí Comhroinnte Airgeadais ar fáil seirbhís lárnaithe, caighdeánaithe cuntasaíochta agus airgeadais ar ardán teicneolaíochta amháin do 48 comhlacht Rialtais a thabharfar isteach ar bhonn céimnithe thar na trí nó ceithre bliana amach romhainn. Comhdhlúthóidh an t-ardán aonair seo caiteachas tríd an Státchiste; ag tacú le Sonrascú leictreonach agus Soláthar Leictreonach agus bainistiú sonraí soláthraithe;

Tacóidh Seirbhísí Comhroinnte Airgeadais leis na feidhmeanna tábhachtacha airgeadais agus cuntasaíochta seo thar ceann an Rialtais láir, ina measc:

  • sonrascadh
  • r-Sholáthar
  • cuntais iníoctha
  • cuntais infhála
  • sócmhainní seasta agus cothabhail sócmhainní
  • bainistiú airgid thirim
  • bainistiú cánach
  • mórleabhar ginearálta

Cumasaítear an t-athchóiriú ar thuairisciú airgeadais is gá chun tacú leis an aistriú chuig caighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta. Le simpliú agus caighdeánú na bpróiseas cuntasaíochta, neartófar comhlíonadh cheanglais tuairiscithe agus trédhearcachta an Aontais.

Na Sochair a Bhaineann le Seirbhísí Comhroinnte Airgeadais

Is iad seo a leanas na buntáistí a bhaineann leis an gcóras cuntasaíochta lárnach airgeadais nua seo don Rialtas agus don cháiníocóir:

  • Le himeacht aimsire, rachaidh an córas lárnach nua cuntasaíochta airgeadais in ionad 31 córas éagsúil oidhreachta airgeadais, rud a gheobhaidh réidh leis an riachtanas le córais éagsúla a chothabháil, a thacú agus a uasghrádú, a laghdóidh an costas agus a chuirfidh feabhas ar shlándáil.
  • Tabharfaidh an t-aon ardán seo le chéile an caiteachas ar fud an Státchiste. Tacóidh sé le sonrascadh agus r-Sholáthar agus le bainistiú sonraí soláthróra.
  • Cumasaítear an t-athchóiriú ar thuairisciú airgeadais is gá chun tacú leis an aistriú chuig caighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta.
  • Le simpliú agus caighdeánú na bpróiseas cuntasaíochta, neartófar comhlíonadh cheanglais tuairiscithe agus trédhearcachta an Aontais.

Sonrascadh do Sholáthróirí

Tacaíonn Rannóg Seirbhísí Comhroinnte Airgeadais na ONSC go hiomlán leis an gcur chuige náisiúnta i leith chomhlíonadh Threoir an AE (Treoir 2014/55/AE) maidir le ríomhshonrascadh sa soláthar poiblí. Bhí an ONSC ina chuiditheoir mór chomh maith le Caighdeán Eorpach maidir le ríomhshonrascadh ar fud na mBallstát.

Tá Seirbhís Comhroinnte Airgeadais amháin á cur i bhfeidhm againn don Rialtas Láir, agus mar chuid de sin tá an ONSC gafa i gcomhpháirtíocht le Celtrino, an chuideachta a ceapadh chun an tairseach sonrasctha a sholáthar don Rialtas Láir. Leis an gcomhpháirtíocht seo is féidir sonraisc soláthróirí a tharchur go digiteach chuig an Rialtas Láir trí chomhéadan réad-ama. Leis an sonrascadh seo tairgtear deiseanna agus sochair nach beag do sholáthróirí agus rachaidh an ONSC i dteagmháil leat chun tacú leat in úsáid na seirbhíse seo. Léigh tuilleadh anseo.

Leis an sonrascadh seo tairgtear deiseanna agus sochair nach beag do sholáthróirí agus rachaidh an ONSC i dteagmháil leat chun tacú leat in úsáid na seirbhíse seo. Léigh tuilleadh anseo.

Tá tairbhe bainte ag an ONSC as cabhair deontais ón AE, mar chuid de chuibhreannas atá ag iarraidh cur leis an nglacadh le seirbhísí sonrasctha i Málta, i réigiún Iodálach na Sicile, agus in Éirinn. Is mian linn ár mbuíochas a ghabháil le hIT, Sligeach as an tacaíocht fhorleathan a thug siad dúinn tríd an iarracht seo a bhainistiú mar thionscadal.

Feic tuilleadh eolais maidir le teacht chun bheith i do sholáthróir rialtais.

Feic tuilleadh eolais maidir le ríomhshonrascadh agus PEPPOL, a thacaíonn le tarchur ríomhshonrasc.

Oiliúint

Tá ábhar forleathan oiliúna le fáil ar ár mbunachar eolais agus cuirfear leis an gcatalóg Aon Fhoghlaim é in am tráth.

Tá na hábhair oiliúna struchtúrtha de reir réimse feidhmiúil, agus áirítear orthu ionsamhlúcháin físeáin agus teagaisc féintreoraithe. Faigh rochtain ar ábhar oiliúna agus tacaíochta.

Is féidir iarrata ar Oiliúint Athnuachana a chur chuig Tacaíocht Custaiméirí.

Rochtain ar Chóras agus Tacaíocht

Má tá fadhbanna agat le Rochtain nó Córas, téigh le do thoil chuig an Deasc Chabhrach chun Iarraidh ar Sheirbhís a ardú.

Maidir leis an gClár Seirbhísí Comhroinnte Bainistíochta Airgeadais

Foireann thiomnaithe laistigh de Sheirbhísí Comhroinnte Airgeadais is ea an Clár Seirbhísí Comhroinnte Bainistíochta Airgeadais (CSCBA), agus bíonn siad i gceannas ar aistriú grúpaí nua cliant chuig an tseirbhís nua seo. Díríonn foireann an CSCBA ar athrú, cumarsáid agus gníomhaíochtaí aistrithe sonraí de réir mar a ullmhaíonn na cliaint seo don aistriú go dtí Seirbhísí Comhroinnte Airgeadais.

Chuaigh Seirbhísí Comhroinnte Airgeadais beo in Aibreán 2022 agus ocht gComhlacht Seirbhíse Poiblí ann mar thosach agus áiríodh orthu sin an Roinn Airgeadais, Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Tabharfar breis is 40 eagraíocht eile ar bord mar chliaint ar bhonn céimnithe thar na trí nó ceithre bliana amach romhainn.

Nuair a bheidh siad bunaithe go hiomlán, cuirfidh ár Seirbhísí Comhroinnte Airgeadais ar fáil próiseáil lárnaithe caighdeánaithe airgeadais agus cuntasaíochta do bhreis is 48 Roinn agus Oifigí Rialtais. Féachfaidh sé seo chuige go seasfaidh córais airgeadais na Státseirbhíse an aimsir, ag cumasú dóibh leasuithe fioscacha agus tuairiscithe, agus ag láidriú dóibh an t-eolas airgeadais atá ar fáil don Rialtas chun tacú le cinnteoireacht.

Má bhíonn ceist agat maidir le gníomhaíochtaí an Chláir cuir r-phost le do thoil chuig an bhfoireann ag support@fsscustomerservice.cloud.gov.ie.